Gaelcholáiste Mhaigh Nuad

Fáilte ón bPríomhoide-Principals Welcome

Fáilte romhat chuig Gaelcholáiste Mhaigh Nuad agus suíomh idirlín an Choláiste. D'oscail Gaelcholáiste Mhaigh Nuad sa bhliain 2020 chun oideachas trí Ghaeilge a sholáthar do scoláirí. Is tumoideachas san iomlán atá i gceist san oideachas a chuirfear ar fáil sa Ghaelcholáiste le béim ar an gcultúr, teanga agus oidhreacht Ghaelach agus gach a bhaineann léi i sochaí ilchultúrtha.

Tá sé mar aidhm againn scoláirí a fhorbairt chun tabhairt faoin saol agus na dúshláin a théann léi. Go mbeidh sé ar a gcumas barr feabhais a bhaint amach i dtimpeallacht taitneamhach shábháilte

Tá súil agam, le himeacht ama go mbeidh an suíomh seo ag léiriú an fháis agus forbartha atá beartaithe don Ghaelcholáiste. Bainfear úsáid as an suíomh chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal taobh istigh agus taobh amuigh den Choláiste – maidir le h-imeachtaí scoile, nuacht scoile, gnéithe acadúla agus imeachtaí eischuraclaim ina measc.

Is de réir a chéile a thógtar na caisleáin

D.Fómh 13
2025
Scoil dúnta
D.Fómh 23
2025
Cruinniú Tuismitheoirí/Caomhnóirí Bliain 6
D.Fómh 27
2025
Briseadh lár téarma
Samh 10
2025
Taithí oibre seachtain #1 - Bl4
29-Feabh-2024
Nuacht, imeachtaí agus fógraí - News, events and notices
Gaelcholáiste Mhaigh Nuad, KWETB, Manor Mills. Co. Kildare. W23V9P2
01-5054386
Kildare and Wicklow Education and Training Board
Enquire
Location
© 2025 Gaelcholáiste Mhaigh Nuad